Hierarchy view
oibreoir solaschláir
Description
Code
3435.25.2
Description
Déanann oibreoirí solaschláir soilsiúchán léirithe a rialú, bunaithe ar an gcoincheap ealaíonta nó cruthaitheach, in idirghníomhaíocht leis na taibheoirí. Imríonn oibreoirí eile tionchar ar a gcuid oibre agus bíonn tionchar ag a gcuid oibre ar thorthaí oibreoirí eile leis. Dá bhrí sin, oibríonn na hoibreoirí go dlúth lena chéile leis na dearthóirí, oibreoirí agus taibheoirí. Ullmhaíonn oibreoirí solaschláir an leagan amach agus déanann siad maoirseacht air, stiúrann siad an fhoireann theicniúil, déanann siad an trealamh a ríomhchlárí agus oibríonn siad an córas soilsiúcháin. Féadfaidh siad a bheith freagrach as daingneáin shoilsithe thraidisiúnta nó uathoibrithe agus, i gcásanna áirithe, as físeáin a rialú freisin. Tá a gcuid oibre bunaithe ar phleananna, ar threoracha agus ar dhoiciméadacht eile.
Gné rialála
Ceadaigh an Bunachar Gairmeacha Rialáilte atá ag an gCoimisiún le fáil amach an rialáiltear an ghairm seo i mBallstáit an Aontais Eorpaigh, i dtíortha LEE nó san Eilvéis agus, más rud é go rialáiltear í sna tíortha sin, an chaoi ina ndéantar an rialáil. Bunachar Gairmeacha Rialáilte:
Skills & Competences
Scileanna agus inniúlachtaí riachtanacha
Scileanna agus inniúlachtaí roghnacha
Skills & Competences
Coincheap URI
Status
released