Skip to main content
Aicmiú Eorpach de scileanna/inniúlachtaí, cáilíochtaí agus gairmeacha (ESCO)
Is iad na cáilíochtaí an toradh foirmiúil ar phróiseas measúnaithe agus bailíochtaithe arna dhéanamh ag comhlacht inniúil lena ndeimhnítear go bhfuil torthaí foghlama bainte amach ag duine aonair go caighdeáin ar leith.
 
Tá faisnéis faoi cháilíochtaí ar an leibhéal Eorpach ar taispeáint ar Europass, agus tagann sí ó bhunachair sonraí de cháilíochtaí náisiúnta, lena léirítear Creataí Náisiúnta um Cháilíochtaí, atá faoi úinéireacht agus faoi bhainistíocht na dtír sa Chreata Eorpaigh um Cháilíochtaí. Le Europass, cuirtear ar fáil an stór sonraí ardcháilíochta is cothroime le dáta agus is saibhre maidir le cáilíochtaí, creataí cáilíochtaí náisiúnta agus deiseanna foghlama san Eoraip. Tá ról ríthábhachtach aige maidir le cuidiú le foghlaimeoirí cúrsa a aimsiú i dtír eile agus maidir lena chur ar chumas fostóirí agus daoine eile (e.g. comhlachtaí aitheantais, soláthraithe oideachais/oiliúna) tuiscint a fháil ar luach na gcáilíochtaí ó thíortha Eorpacha éagsúla.
 
Ceann de phríomh-mhisin ESCO is ea naisc níos láidre a thógáil idir saol an oideachais agus na hoiliúna agus saol na hoibre. Is é is aidhm dó sin mímheaitseáil scileanna a laghdú agus tacú le feidhmiú níos fearr an mhargaidh saothair. Ag croílár fhís ESCO, tá soláthar teanga tagartha coitinne lena bhféadfaí tacú le trédhearcacht, aistriúchán, comparáid, sainaithint agus anailís ar ábhar cáilíochta. Leis sin, léirítear an chaoi a mbaineann cáilíochtaí leis na scileanna agus na gairmeacha a éilítear ar fud earnálacha éagsúla agus leis na scileanna is gá do ghairmeacha éagsúla.
Tacaíonn ESCO le tuairisc a thabhairt agus le tuiscint a fháil ar thorthaí foghlama cáilíochta
 
Trí théarmaíocht an mhargaidh saothair a chur ar fáil a chuideoidh le cáilíocht a nascadh le gairmeacha agus scileanna ábhartha, cuireann ESCO ar chumas foghlaimeoirí, cuardaitheoirí post agus fostóirí an fhaisnéis sin a úsáid go héifeachtach. Comhlíonann ESCO an riachtanas sin trí stór focal nuashonraithe, fianaise-bhunaithe agus ilteangach atá dírithe ar scileanna agus ar ghairmeacha.
 
Tacaíonn ESCO le córais oideachais agus oiliúna san aistriú i dtreo torthaí foghlama a fhreastalaíonn ar riachtanais an mhargaidh saothair ar bhealach níos fearr. Is féidir le heagraíochtaí a sholáthraíonn sonraí maidir le cáilíochtaí ESCO a úsáid chun tuairiscí ar thorthaí foghlama a shaibhriú le téarmaíocht a bhaineann le scileanna. Trí choincheapa eolais, scileanna agus inniúlachta a chomhtháthú i dtuairisceoirí torthaí foghlama, simplítear an tuiscint atá ag páirtithe leasmhara sa mhargadh saothair ar cháilíochtaí agus éascaítear foghlaimeoirí a mhealladh ó laistigh de na Ballstáit agus thar theorainneacha araon.
 
Úsáidtear ESCO freisin chun sonraí a bhailiú maidir le treochtaí scileanna ar fud na hEorpa, chun anailís a dhéanamh ar na treochtaí sin agus chun leas a bhaint as na féidearthachtaí a thairgeann teicnící anailísithe mórshonraí. Is foinsí tábhachtacha faisnéise agus tacaíochta d’institiúidí oideachais agus oiliúna iad na torthaí ó thionscadail faisnéise scileanna lenar féidir cabhrú leis na hinstitiúidí sin curaclaim a fhorbairt trí na riachtanais atá ag teacht chun cinn ó thaobh scileanna de a chur san áireamh.
 
In 2019, chuir an Coimisiún Eorpach tús le treoirthionscadal leis na Ballstáit chun tástáil a dhéanamh ar nascadh uathoibríoch torthaí foghlama cáilíochtaí le scileanna ESCO i dteangacha éagsúla. Mar thoradh ar an iarracht sin, forbraíodh uirlis thiomnaithe TF a bhí dírithe ar chúnamh a thabhairt do na húdaráis náisiúnta sa chleachtadh sin. Léirigh an tionscadal an luach a bhaineann le haicmiú scileanna ESCO a úsáid chun trédhearcacht cáilíochtaí a sholáthar agus chun feabhas a chur ar cháilíocht na sonraí a bhaineann le torthaí foghlama aonair cáilíochtaí.
 
Le ESCO, cuirtear feabhas ar chonairí foghlama pearsantaithe agus tacaítear le seirbhísí gairmthreorach
 
Tríd an leas is fearr is féidir a bhaint as sonraí scileanna agus gairmeacha ESCO, is féidir le cuardaitheoirí post agus foghlaimeoirí moltaí saincheaptha a fháil maidir le deiseanna foghlama. Féadfaidh ardáin dhigiteacha úsáid a bhaint as ESCO chun faisnéis a chur ar fáil do shaoránaigh faoi dheiseanna foghlama, chun cúrsaí a mholadh, deiseanna oideachais agus oiliúna saincheaptha a fhorbairt agus bealaí foghlama a mholadh do dhaoine bunaithe ar na scileanna atá acu. Baineann soláthraithe gairmthreorach tairbhe as ESCO trí sheirbhísí treorach spriocdhírithe a chur ar fáil agus trí chláir oiliúna leordhóthanacha a mholadh bunaithe ar thacar scileanna agus ar mhianta gairme an duine aonair.
 
Tacaíonn ESCO leis an bhfoghlaim neamhfhoirmiúil agus sheachfhoirmiúil a bhailíochtú
 
Féadfar úsáid a bhaint as ESCO chun an fhoghlaim neamhfhoirmiúil agus sheachfhoirmiúil a bhailíochtú. Féadfar na torthaí foghlama soiléire agus sonracha a chuirtear ar fáil trí ESCO a úsáid chun na scileanna agus an taithí atá faighte ag duine aonair tríd an bhfoghlaim sheachfhoirmiúil nó neamhfhoirmiúil a shainaithint, a dhoiciméadú, a mheasúnú agus a dheimhniú.
 
Féadfaidh eagraíochtaí úsáid a bhaint as ESCO chun na scileanna a fhorbraítear i ngníomhaíocht ar leith a aithint. Amach anseo, le deis foghlama Europass nó feidhm cuardaigh cáilíochta Europass, ba cheart a bheith in ann scileanna ábhartha ESCO a léiriú a bhaineann le deiseanna foghlama agus cáilíochtaí a thaispeántar. Ina theannta sin, a luaithe a bheidh gníomhaíocht foghlama curtha i gcrích, féadfaidh an foghlaimeoir deimhniú digiteach a fháil, mar shampla Dintiúr Digiteach Eorpach le haghaidh na Foghlama.
 
Is caighdeán é Dintiúir Dhigiteacha Eorpacha le haghaidh na Foghlama do dhintiúir atá sínithe go digiteach a d’fhéadfadh baint a bheith acu le haon toradh foghlama, bídís faighte tríd an bhfoghlaim fhoirmiúil, sheachfhoirmiúil nó neamhfhoirmiúil. Is féidir scileanna ESCO a chur leis an tuairisc ar thorthaí foghlama. Ar an gcaoi sin, tá tuilleadh faisnéise i ndintiúir agus cuirtear níos mó trédhearcachta ar fáil leo maidir le heolas agus scileanna duine aonair. Is féidir na dintiúir dhigiteacha a stóráil i dtiachóg dhigiteach, mar shampla tiachóg ríomhphunann Europass, agus is féidir iad a chomhroinnt le fostóirí agus le heagraíochtaí eile, mar shampla soláthraithe oideachais agus oiliúna, mar thaifid infhíoraithe foghlama.