Ó foilsíodh go hoifigiúil i mí Iúil 2017 é, tá spéis ag raon éagsúil páirtithe leasmhara in ESCO le haghaidh cásanna úsáide éagsúla.
Is iad seo a leanas príomhchatagóirí pháirtithe leasmhara ESCO:
- Seirbhísí poiblí fostaíochta
- Seirbhísí príobháideacha fostaíochta
- Tairseacha post
- Institiúidí oideachais (ollscoileanna, meánscoileanna, srl.)
- Comhpháirtithe sóisialta
- Forbróirí Feidhmchláir TF
- Ranna acmhainní daonna cuideachtaí/eagraíochtaí
- Cuideachtaí bainistíochta ointeolaíochta
- Comhairleoirí gairme
- Institiúidí/comhlachtaí Eorpacha
- Riaracháin phoiblí Náisiúnta/Réigiúnacha/Áitiúla
- Taighdeoirí agus staitisteoirí
- Eagraíochtaí idirnáisiúnta
Forbhreathnú ar fhor‑rochtain ESCO
San Aontas Eorpach, tá formhór pháirtithe leasmhara ESCO (ar a dtugtar feidhmeoirí ESCO) bunaithe san Eoraip agus tá oibríochtaí ag cuid acu i dtíortha agus/nó i dteangacha iomadúla de chuid an Aontais.
Tá aithne agus úsáid níos mó ag teacht ar ESCO go hidirnáisiúnta. Is gnách go mbreathnaíonn páirtithe leasmhara ar ESCO in éineacht le O*NET mar an creat caighdeánach le haghaidh gairmeacha agus scileanna.
Leis an léarscáil thíos taispeántar forbhreathnú ar fheidhmeoirí ESCO ar fud an domhain.
Glacadh ESCO i measc páirtithe leasmhara
Foghlaim tuilleadh
Chun tuilleadh eolais a fháil maidir leis na páirtithe leasmhara (feidhmeoirí ESCO) a úsáideann ESCO go gníomhach ina bhfeidhmchláir dhigiteacha, ina dtionscadail nó ina dtaighde, tabhair cuairt ar leathanach fheidhmeoirí ESCO.