Skip to main content
European Skills, Competences, Qualifications and Occupations

Is é ESCO (an tAicmiú Eorpach Scileanna, Inniúlachtaí agus Gairmeacha) an t‑aicmiú ilteangach Eorpach le haghaidh Scileanna, Inniúlachtaí agus Gairmeacha.  

Liostaítear in ESCO na gairmeacha agus na scileanna atá ábhartha ó thaobh mhargadh saothair an Aontais Eorpaigh de agus ó thaobh oideachais agus oiliúna de, agus déantar catagóiriú ann orthu.  Na coincheapa sin agus an gaol eatarthu, tá córais leictreonacha in ann iad a thuiscint, rud a fhágann gur féidir le hardáin éagsúla ar líne ESCO a úsáid le haghaidh seirbhísí ar nós cuardaitheoirí poist a mheaitseáil le poist bunaithe ar a gcuid scileanna, oiliúint a mholadh do dhaoine a bhfuil fonn orthu athsciliú nó uas‑sciliú a dhéanamh, srl.


Tugtar tuairisc in ESCO ar 3,039 ghairm agus ar 13,939 scil a bhaineann leis na gairmeacha céanna, agus tá na tuairiscí sin le fáil i 28 dteanga.


Is é is aidhm do ESCO tacú leis an tsoghluaisteacht ó phost go chéile ar fud na hEorpa, agus tacú dá bhrí sin le margadh saothair níos comhtháite agus níos éifeachtúla, trí ‘theanga choiteann’ a chur ar fáil maidir le gairmeacha agus scileanna, teanga is féidir le páirtithe leasmhara éagsúla a úsáid i ndáil le hábhair i réimsí na fostaíochta, an oideachais, agus na hoiliúna. 


Is tionscadal de chuid an Choimisiúin Eorpaigh é ESCO, agus tá sé á reáchtáil ag an Ard‑Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú (AS EMPL). Tá sé le fáil ar thairseach ar líne agus is féidir é a úsáid saor in aisce. Foilsíodh an chéad leagan iomlán de (ESCO v1) an 28 Iúil 2017. Is féidir an leagan is déanaí den aicmiú a íoslódáil nó a fháil trí API ESCO.