Skip to main content
Suíomh gréasáin oifigiúil de chuid an Aontais EorpaighSuíomh gréasáin oifigiúil de chuid an Aontais
European Skills, Competences, Qualifications and Occupations

Daoine a dhul ó phost go chéile agus ó fhostóir go chéile, bíonn sé sin ag tarlú níos minice anois ná mar a bhíodh, rud a fhágann gur minic a bhíonn gá le scileanna nua, agus tá idir shoghluaisteacht gheografach agus soghluaisteacht ghairmiúil ag dul i méid. De bharr ardáin tallainne ar líne, ar nós cláir fostaíochta agus na meán sóisialta, tá an bealach a ndéantar earcaíocht á athrú ó bhonn. Tá méadú ag teacht ar an úsáid a bhaineann fostóirí agus cuardaitheoirí poist as uirlisí digiteacha chun tairiscintí poist a fhoilsiú, chun cur isteach ar na tairiscintí céanna, agus chun deiseanna oiliúna a lorg agus a thairiscint. Gnólachtaí agus soláthraithe oideachais agus oiliúna, tá gá acu le heolas soiléir nuashonraithe maidir le scileanna agus cáilíochtaí ionas go mbeifear in ann tallann a bhainistiú ar bhealach níos fearr agus aghaidh a thabhairt ar bhearnaí scileanna a mhéid a bhaineann le cláir oideachais agus oiliúna.

Le coincheapa agus tuairiscí ESCO féadfar cabhrú le daoine a thuiscint:
 

  • Cén t‑eolas agus cé na scileanna is gá de ghnáth agus duine ag obair i ngairm ar leith;
  • Cén t‑eolas agus cé na scileanna agus na hinniúlachtaí a bhaintear amach de bharr cáilíocht ar leith;
  • Cé na cáilíochtaí a mbíonn fostóirí á n‑éileamh nó a mbíonn siad á n‑iarraidh go minic ar dhaoine atá ag cuardach poist i ngairm ar leith.

Rud eile de – ach coincheapa ESCO a úsáid, is fusa a bheidh sé aistriú chuig an margadh saothair digiteach sin nach bhfuil stad ná cónaí air ach de shíor ag méadú, toisc go mbeidh ‘teanga’ choiteann ar fáil maidir le gairmeacha agus scileanna agus gur fearr dá réir a bheidh an chumarsáid agus an comhréiteach idir na huirlisí digiteacha éagsúla atá ann.

 

 

ESCO agus an Margadh Saothair Digiteach