Skip to main content
European Skills, Competences, Qualifications and Occupations

Úsáidtear ESCO i bhfeidhmchláir agus ardáin ar líne

Tá córais leictreonacha in ann coincheapa ESCO agus an gaol eatarthu a thuiscint. Fágann sé sin gur féidir le córais agus ardáin éagsúla ESCO a úsáid chun na poist is ábhartha a mholadh do chuardaitheoirí poist bunaithe ar a gcuid scileanna, nó chun an oiliúint is ábhartha a mholadh do dhaoine a bhfuil fonn orthu athsciliú nó uas‑sciliú a dhéanamh.

 

Le ESCO, nasctar daoine le poist

Tugtar cur síos cruinn in ESCO ar ghairmeacha agus scileanna is féidir a úsáid i ndréachtú tairiscintí poist agus CVanna araon, rud lena n-éascaítear inchomparáideacht agus meaitseáil. Leis an méid sin, tacófar le fostóirí teacht ar na daoine is fearr a oireann dá bhfolúntais, agus le cuardaitheoirí poist teacht ar na poist is fearr a oireann dá gcuid scileanna.

 

Le ESCO, nasctar an fhostaíocht leis an oideachas

Ach ESCO a úsáid i dtairiscintí poist, sa taighde, in anailísí mórshonraí, srl., cabhraíonn sé le soláthraithe oideachais agus oiliúna a thuiscint cé na scileanna a bhfuil gá leo sa mhargadh saothair. Féadfaidh siad na curaclaim atá acu a oiriúnú dá réir ar mhaithe lena gcuid mac léinn a ullmhú níos fearr le haghaidh na margaí saothair a bheidh ann san am atá le teacht. Le ESCO cabhraítear freisin le fostóirí féideartha tuiscint níos fearr a fháil ar an méid atá foghlamtha ag mic léinn. 

 

Le ESCO, nasctar margaí saothair le chéile agus cuirtear an tsoghluaisteacht chun cinn

Tá ESCO le fáil i 26 theanga, rud a fhágann gur fearr is féidir le cuardaitheoirí poist agus fostóirí cumarsáid a dhéanamh faoi scileanna, oiliúint agus poist i pé teanga Eorpach is rogha leo. Toisc go bhfuil ESCO in úsáid ar thairseach EURES agus ar go leor ardáin eile ar líne, is fusa do sheirbhísí fostaíochta Eorpacha, idir sheirbhísí poiblí agus seirbhísí príobháideacha, a gcuid seirbhísí a thairiscint i dtíortha éagsúla, i dteangacha éagsúla agus trí chórais leictreonacha éagsúla, ionas gur fearr is féidir leo tacú le daoine a bhfuil fonn orthu post a fháil i dtír Eorpach eile. Cuirtear in iúl san fhíseán thíos mar a thacaíonn ESCO le cuardaitheoirí poist ar fud na hEorpa.