Deartar an API seirbhíse gréasánbhunaithe chun tacú le hidirghníomhaíocht idir‑inoibritheach meaisín le meaisín ar an nGréasán Domhanda. Soláthraítear leis rochtain d’fheidhmchláir ar na leaganacha éagsúla d’aicmiú ESCO. Cumhdaítear le feidhmiúlachtaí API Seirbhísí Gréasáin ESCO formhór chásanna gnó ESCO.
Soláthraítear freisin le ESCO tacar leabharlann le haghaidh shuiteáil logánta API Seirbhísí ESCO. Ceadófar leis sin rochtain shaincheaptha ar thacsanomaíocht ESCO, aon leagan d’aicmiú ESCO a roghnú, agus réitigh inscálaithe a chur chun feidhme chun riachtanais shonracha feidhmíochta a chomhlíonadh.
Soláthraítear le API Seirbhísí Gréasáin ESCO comhéadan gréasáin so‑úsáidte ar shonraí nasctha. I Sonraí nasctha sainaithnítear aon choincheap le haitheantóir aonfhoirmeach acmhainne (URI). Mar shampla, leis an URI http://data.europa.eu/esco/occupation/528f90ed-e250-48bd-aacc-ffb7b1de5654 sainaithneofar an phróifíl ceirde ""díoltóir speisialaithe teicstíle"".
Faigheann API Seirbhísí Gréasáin ESCO iarrataí ar eolas maidir le coincheapa nó téarmaí agus soláthraíonn sé freagra i bhformáid a bhaineann go sonrach le seoltóir na hiarrata.
Is é ""x"" an leagan réamhshocraithe de ESCO faoi láthair. Tá an leagan is déanaí de ESCO ""x"" ar fáil freisin. Is féidir iad sin a roghnú ach paraiméadar speisialta a úsáid sna APInna, is é sin selectedVersion. Chun tuilleadh mionsonraí a fháil maidir le húsáid an pharaiméadair sin, féach an leagan is déanaí de dhoiciméadacht API ESCO.
Is iad seo a leanas leaganacha ESCO atá ar fáil:
- v 1.0.9 (default)
- v 1.1.2
- v 1.2
For more information on the ESCO Web service API, see the materials below:
Doiciméadacht API ESCO
This documentation will help users understating how to make specific calls with practical examples like requesting ESCO concepts by URI or various search options.
Físeáin teagaisc API ESCO
This is a video tutorial that explains how to use the ESCO API to query the ESCO classification. It targets application developers that want to embed the ESCO classification in their application or service. The video shows how to access the API.